siar baile ar aghaidh
Faoi aNSwer
Tionscnaimh
Leabharlann Achmhainne
Nuacht agus Deiseanna
Pobal Taighde
Nascanna Úsáideacha
Teagbháil
Áischothú
Dli
Cabhair
English / Gaelige
Gluais
Baill
Visit the Shared Register of Environmental Data Sources

Managed by AMAS

- Cúlra
- FCI
- SIO
- Admháil Mhaoinithe
- CCM

SIO - an tSeirbhís Imshaoil agus Oidhreachta

Is Foras Reachtúil é SIO taobh istigh den Roinn Imshaoil. Is é aidhm naSeirbhíse an timpeallacht nádúrtha agus faoi fhoirgnimh a chosaint, a chaomhnú agus a mhéadú agus tuiscint di a chothú ar son na nglún anois agus feasta.Tá an tSeirbhís Imshaoil agus Oidhreachta chun tosaigh i gcothú agus i bhfeidhmiú an pholasaí imshaoil i dTuaisceart na hÉireann. Déanann an Foras réimse gníomhaíochtaí a chuireann chun cinn straitéisí an Rialtais ar fhorbairt inbhuanaithe, ar bhithéagsúlacht agus ar athrú aeráide le linn bheith ag baint amach ár móraidhmeanna le hoidhreacht nádúrtha agus timpeallacht faoi fhoirgnimh Thuaisceart na hÉireann a chosaint agus a chaomhnú, le truailliú a stiúradh agus a rialú agus le tuiscint níos leithne den timpeallacht agus de na cleachtais imshaoil is fearr a chothú. Is iad príomhaidhmeanna SIO polasaí an rialtais a chothú agus a fheidhmiú mar a leanas:

  • cáilíocht an aeir, an talaimh agus an uisce a chosaint agus a fheabhsú
  • an dúlra agus an tuath a chaomhnú agus speicis a chosaint
  • séadchomharthaí agus foirgnimh stairiúla a chosaint, a thaifeadadh agus a chaomhnú
  • feasacht agus tuiscint den imshaol agus den oidhreacht, áitiúil agus dhomhanda, a chur chun cinn
  • tacú le gabháil phrionsabal na forbartha inbhuanaithe agus na bitéagsúlachta sa rialtas agus sa tsochaí
  • cur le forbairt pholasaí imshaoil trí sholáthar comhairle saineolaí do

Rannóg Pholasaí na Roinne Tá an tSeirbhís lonnaithe i dtrí phríomhoifig i mBéal Feirste agus an Príomhfheidhmeannach, Cúrsaí Corparáideacha agus Oidhreacht Náisiúnta i dTeach an Chomhlathais, Sráid an Chaisleáin. Tá Oidhreacht Faoi Fhoirgnimh lonnaithe i Sráid an Chnoic agus Cosaint an Imshaoil i dTeach Calvert, Plás an Chaisleáin. Tá baill foirne lonnaithe fosta i bhfoirgnimh Réigiúnacha ar fud Thuaisceart na hÉireann ag séadchomharthaí stairiúla, páirceanna tuaithe, lárionaid thuaithe, iostaí agus maoin eile faoinár gcúram.

Suíomh gréasáin: www.ehsni.gov.uk