siar baile ar aghaidh
Faoi aNSwer
Tionscnaimh
Leabharlann Achmhainne
Nuacht agus Deiseanna
Pobal Taighde
Nascanna Úsáideacha
Teagbháil
Áischothú
Dli
Cabhair
English / Gaelige
Gluais
Baill
Visit the Shared Register of Environmental Data Sources

Managed by AMAS

- Cúlra
- FCI
- SIO
- Admháil Mhaoinithe
- CCM

FCI - an Foras Cosanta Imshaoil

Is Foras Rialtais é an FCI a bunaíodh i bPoblacht na hÉireann.
Miseanráiteas: Na caighdeáin chosanta agus bhainistíochta imshaoil is airde is indéanta a chothú agus a fheidhmiú, a chuimsíonn na prionsabail fhorbartha inbhuanaithe cothroime.

Cad é FCI agus cad a dhéanann sé?

Comhlacht neamhspleách é FCI a cuireadh suas faoi reachtaíocht agus a bunaíodh go foirmiúil i mí Iúil 1993. Tá an Foras difriúil ó chomhlachtaí leathstáit eile sa mhéid go bhfuil Bord Feidhmiúcháin lánaimseartha aige ar a bhfuil Ard-Stiúrthóir agus ceathrar Stiúrthóir eile. An Rialtas a cheap na Stiúrthóirí uile i ndiaidh comórtais oscailte agus scagtha a rinne coiste roghnaithe ardchumhachta, ionadaíoch do na hearnálacha poiblí agus príobháideacha. Bhí Éire orthu siúd a bhí chun tosaigh san Eoraip le FCI neamhspleách a bhunú agus feidhmeanna chomh leathan sin aige. Tá ceithre roinn san eagras: Cúrsaí Corparáideacha, Bainistíocht & Pleanáil Imshaoil, Ceadúnú & Rialú agus Seirbhísí Faireacháin Imshaoil & Saotharlainne. Oibríonn FCI ar struchtúr réigiúnach le ceanncheathrú i Loch Garman, cúig oifig réigiúnacha (Caisleán an Bharraigh, Corcaigh, Baile Átha Cliath, Cill Chainnigh agus Muineachán) agus ceithre fho-oifig (Baile Átha Luain, Leitir Ceanainn, Luimneach agus Mala).

Ar fheidhmeanna FCI tá comhordú taighde imshaoil. Tá FCI faoi láthair ag feidhmiú agus ag bainisteoireacht chláir thaighde imshaoil náisiúnta darb ainm 'an Clár Taighde Imshaoil agus Forbartha Teicneolaíochta (TIFT) 2000-2006' thar ceann na Roinne Imshaoil agus Rialtais Áitiúil. Tá an clár seo á mhaoiniú ag Rialtas na hÉireann faoin Phlean Náisiúnta Forbartha 2000-2006.

I gcomhair tuilleadh eolais ar FCI, feic www.epa.ie.

I gcomhair tuilleadh eolais ar Chlár TIFT de chuid FCI, feic www.epa.ie/r_d/default.htm.