|
CCM
Príomh-CCM
Conas a dhéanfaidh mé nascleanúint ar an suíomh?
Leis an suíomh seo a nascleanúint, úsáid na téacschnaipí ar an taobh chlé le príomhrannóga an tsuímh a rochtain. Beidh leathanaigh agus forannóga i gcuid de na rannóga.
An úsáidtear fianáin?
Ní úsáidimid fianáin do chuairteoirí ginearálta ar an suíomh seo, nó creidimid go bhfuil ár gcuairteoirí i dteideal príobháide. Nuair amháin a dhéantar Ball de chuairteoir, úsáidimid fianán a chónaíonn ar ríomhaire an bhaill agus nach ndúisítear ach nuair a fhilleann an cuairteoir ar an suíomh. Ligeann seo dúinn eolas saincheaptha a sholáthar dár gcuid ball.
Cad é an rud é aNSwer?
Is acrainm aNSwer de A North South Website of Environmental Research. Mar a mhaíonn an t-ainm is tionscadal Thuaidh-Theas é atá ina lárphointe eolais don obair thaighde imshaoil uile a dhéantar ar oileán na Éireann. I gcomhair tuilleadh eolais ar aNSwer tabhair cuairt ar an leathanach eolais chúlra.
Cá bhfuil aNSwer?
Is forbairt ghlan ar líne é aNSwer. Tá sé á bhainisteoireacht agus a uasdátú ag an dá fhoras rialtais, an tSeirbhís Imshaoil agus Oidhreachta (SIO) i dTuaisceart na hÉireann agus an Foras Cosanta Imshaoil (FCI) i bPoblacht na hÉireann.
Conas a rachaidh mé i dteagmháil le aNSwer?
Tá roinnt dóigheanna le dul i dteagmháil le aNSwer. Tá siad seo le fáil i rannóg Teagmhála an tsuímh. (Nasc ar Fáil)
Cé hiad SIO agus FCI?
Is foras rialtais de chuid Thuaisceart na hÉireann é an tSeirbhís Imshaoil agus Oidhreachta (SIO), a choimisiúnaíonn ó am go ham taighde imshaoil ag tacú lena riachtanais ghnó. Is é Foras Cosanta an Imshaoil (FCI), an foras rialtais i bPoblacht na hÉireann a dhéanann bainisteoireacht ar an Chlár Taighde Imshaoil agus Forbartha Teicneolaíochta (CTIFT) 2000-2006 thar
ceann na Roinne Imshaoil agus Rialtais Áitiúil. (Seoltaí gréasáin tugtha)
An gcuireann sibh ar fáil eolas agus póstaeir?
Cuirimid ar fáil póstaeir eolais faoi aNSwer do scoileanna, choláistí agus ollscoileanna, do bhunaíochtaí taighde agus lárionaid eolais eile. Sna póstaeir tá eolas faoi aNSwer, seoladh an tsuímh ghréasáin agus na gnéithe atá ar fáil ar an suíomh.
Cén cineál eolais atá ar fáil faoi aNSwer?
Cuimsíonn aNSwer sonraí faoi thionscadail thaighde imshaoil ar fud na hÉireann. Tugtar teideal an tionscadail agus achoimre ghairid chomh maith le nasca r-phoist chuig na taighdeoirí agus chuig tionscadail eile den chineál chéanna.
Cá bhfaighinn tuilleadh eolais ar Thaighde Imshaoil in Éirinn?
Má bhíonn tú ag iarraidh tuilleadh eolais faoi cheann ar bith de na
heagrais atá páirteach i dtaighde imshaoil, cuardaigh an bunachar sonraí eagras againn. Má bhíonn tú ag iarraidh tuilleadh eolais faoin dóigh le bheith páirteach i dtaighde imshaoil, molaimid duit dul i dteagmháil le Ö
Má tá suim agat i gcúrsaí i dtaighde imshaoil, molaimid duit dul i
dteagmháil le cuid de na hollscoileanna a thairgeann cúrsaí ImshaoilÖ Ar na suímh ghréasáin eile ina bhfuil eolas ar thaighde imshaoil táÖ
Cad é atá ar fáil ag baill aNSwer?
Tá roinnt gnéithe ar fáil ag baill aNSwer. Tig le baill teachtaireachtaí a sheoladh agus a fháil ón fhóram díospóireachta agus a bheith páirteach i ndíospóireachtaí faoi Cheisteanna taighde imshaoil. Tig le baill fosta nasca, scéalta nuachta agus imeachtaí a bheadh ina n-ábhar spéise sa taighde imshaoil a mholadh, ach go gcaithfeadh na moltaí seo a bheith inghlactha ag Bainisteoirí an tSuímh sula gcuirfí ar an suíomh iad.
Cá mhéad a chosnaíonn sé le bheith i do bhall agus conas a chláróidh mé?
Tá sé saor in aisce a bheith i do bhall de aNSwer. Caithfidh tú a léiriú go bhfuil spéis agat i dtaighde imshaoil agus go n-oibríonn tú nó go ndéanann tú staidéar fad áirithe san achar seo. Le clárú, caithfidh tú foirm iarratais a chur isteach a mheasfaidh Bainisteoirí an tSuímh. Gheobhaidh tú ansin ainm úsáideora a úsáidfidh tú nuair a fhilleann tú ar an suíomh.
Conas a thig le m'eagras eolas Taighde Imshaoil a fhoilsiú ar aNSwer?
Le tionscadail thaighde imshaoil agus cáipéisí a fhoilsiú ar an suíomh gréasáin seo caithfidh tú ar dtús iarratas a chur isteach le bheith mar 'eagras' de chuid aNSwer. Tig leat iarratas a dhéanamh ach an fhoirm seo a líonadh amach. Le go nglacfaí leis, caithfidh eagras a léiriú:
- Go bhfuil bunús an taighde á dhéanamh ar oileán na hÉireann.
- Go bhfuil an taighde á dhéanamh ar son cuspóirí 'leasa an phobail'.
- Go n-aontaíonn siad lenár dtéarmaí agus ár gcoinníollacha a chosnaíonn gach duine atá páirteach sa suiomh gréasáin.
|