|
Téarmaí Dlí agus Coinníollacha
aNSwer a chuireann an suíomh gréasáin seo ar fáil agus tig a úsáid ar son cuspóirí eolais amháin. Trí úsáid an tsuímh seo nó íoschóipeáil comhad aontaíonn tú cloí leis na téarmaí agus na coinníollacha atá leagtha amach san fhógra seo. Mura n-aontaíonn tú cloí leis na téarmaí agus na coinníollacha seo, caithfidh tú gan an suíomh a úsáid nó ábhair a íoschóipeáil.
Bíodh a fhios ag cuairteoirí agus iad ag úsáid an tsuímh:
- Ní rachaidh aon eolas a chuireann tú ar fáil ar an suíomh seo a fhad leis an tríú duine agus measfar é a bheith dílsithe agus rúnda.
- Caithfidh tú gan aon eolas a chur ar fáil atá clúmhillteach nó
mígheanasach nó gáirsiúil, nó a mheasfadh duine réasúnta go gclaonfadh sé i dtreo olc a chur ar aon duine nó ar aon dream daoine.
- Ní thig linn freagracht a ghlacadh as aon fhadhbanna a thagann sa bhealach ort ar na suímh thríú páirtí atá liostaithe ar na leathanaigh againn.
- Ní thig linn freagracht a ghlacadh as cailliúint, cur isteach nó dochar a tharlódh do do chuid sonraí nó do chóras ríomhaire le linn tu bheith ag úsáid ábhair ar aNSwer.
- Is obair Eagras Taighde Imshaoil é an t-eolas atá á fhoilsiú ar an suíomh seo agus ní ghlacaimid freagracht as cruinneas nó bailíocht an ábhair atá curtha ar fáil.
- Ní ghlacaimid freagracht as aon ábhar tríú páirtí a cuireadh leis an suíomh, is é sin aon rud a chuir ár gcuid Ball nó aon duine eile seachas aNSwer ar fáil.
- Tugaimid údarás duit eolas a bhreathnú nó a íoschóipeáil ar son (Scrios seo, nó b'fhéidir nach gceadófaí úsáid ar son cuspóirí oifigiúla) cuspóirí neamhthráchtála amháin.
- Tá an t-eolas atá á fhoilsiú ar an suíomh seo cosanta faoin dlí cóipchirt Idirnáisiúnta. Is leis an taighdeoir an cóipcheart in ábhar taighde mura ndeirtear a mhalairt. Údaraítear úsáid ábhair ar an suíomh seo i gcomhair cuspóirí taighde, ar an choinníoll go ndéanfaí tagairt d'fhoinse an eolais agus d'úinéir an chóipchirt.
- Ní cóir duit an t-eolas a íoschóipeáiltear a leasú ar aon dóigh, a thaispeáint go poiblí, é a léiriú nó a scaipeadh nó é a úsáid ar son aon chuspóra poiblí.
- Is le aNSwer ainmneacha, íomhánna agus lógónna aNSwer. Ní ceadmhach na híomhánna agus lógónna a úsáid nó a atáirgeadh gan cheadúnas nó aontú ó aNSwer.
- Ní dheonaímid aon cheart eile duit na trádmharcanna, cóipchearta, paitinní, lógónna srl. againn a úsáid, agus ní mhaítear aon cheart den chineál sin.
|